School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Page 054
- XML “Loch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"An mó a thugais ortha?" aran duine uasal
Dhá phúnt agus deich sgillinge," arsa Seán
"Cad é an fhaid a bheidh siad agat, sara ndíolfar iad?"
"Ceithre mhí, nó mar sin, arsa Seán.
"An mó a gheobhair ortha an uair sin?" arsan duine uasal
"Ocht bpúint," arsa Seán.
"Tabhairfead an méid sin duit anois."
"Tá go maith. Bíodh siad agat," agus thug (?) an duine uasal ocht bpúint ar a bhais do.
"Tabhair suas go "Loch na hÓrnan" iad anois
"Tá go maith," arsa SeánNuair a shroiseadar an loch, do leig sé de an ciseán. Glaodhac an duine uasal,
"A Thaidhg, a Thaidg! tabhair i leith an bád."
D'eirig fear agus bád suas as an loch agus do cuireadar na banbhaí isteach san mbád agus isteach leis an duine uasal in a dhiaidh sin, agus do fhág siad slán do Sheán, agus d'imthigh an bád fé'n uisce, agus ní fheaca Seán a thuille iad.Annsan do thosnuigh Seán ag rith agus a lámh in a phóca, féacaint an raibh an t-airgead ann. Chóimhrigh sé airís é. Chuaidh sé abhaile agus áthas air. Lá ar na mháireach, do chuir sé an t-airgead isteach sa bhannc, mar níor leig an eagla air é do choimeád sa bhaile.- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Dromanassig, Co. Kerry