School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deasa cruinne cruadha di agus oidhche áirighthe chuiridís ar an gcrann dealúghadh [iad] chun d'fhagháil amach cá mhéid beannlámha (=bannlámha) a bheadh aca.
Annsan chuiridís go dtí an muileann é chun bréide do dhéanamh de agus as a gcuid bréide dheinidís culaith do gach duine sa tigh.
Nuair a bhíodh an tsnáth tochraiste ba ghnáthach leo adhbhar stocaí do choimeád abhaile (=sa bhaile) chun iad de dhéanamh. Gheibhidís sórt cúnlaigh ar na carraigeachaibh chun iad do dhathúghadh nuair bhíodh siad déanta ach níl an béas sin ag na mnáibh fé láthair.[Nóta i láimh eile: Is maith é an rud maith, ach is fearr i bhfad é fhadú. Síniú doléite 21-10-37]Ó Phádraig Ó Súilleabháin, fear an phuist, Milíní, Bunán- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry