School: An Clochar, Neidín

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teacher:
Brighid Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 383

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 383

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Neidín
  2. XML Page 383
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    PAIDIR A DEIRTEAR IN DHIAIDH AN CHORÓINN
    MHUIRE

    Tugaimíd suas an Coróin Mhuire seo Naomhta do Dhia is do Mhuire a Mháthair Ghlórmhar, a thug slán ó'n lá Sinn go dtugaidh siad slán ó'n oidhce agus ó'n mbliadhain atá romhainn amach sinn a Thighearna agus ár leanbhaí ins gach aon áit go bhfuil siad.
    Go dtógaidh Sé an tinneas, an trioblóid agus an mí-ádh uainn agus go dtugaidh Sé an suaimhneas síoraidhe do's na Fíor Aonaibh go léir d'imthigh romhainn agus go mór mór dos na h-anamacha bochtha atá ag fulaing pianta Purgadóireachta.

    NÓTA
    Tá nós ag na daoine an t-uisce coisrice do thógaint tar éis an Choroinn Mhuire arádh. Caithean siad an t-uisce coisricthe ar an gcapall igcomhnuidhe sar a fhágann sé an clós chun dul ar turas.
    Aon Domhnach nach féidir leis na daoine dul ar Aifreann deireann siad an Coróínn Mhuire. Annsan cuireann siad an aguisín seo leis.
    "Go dtugaidh Dia páirt in Aifreann éigin atá á léigheamh ar fuaidh na h-Eorpa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Thuama
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Tuama
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Gortlahard, Co. Kerry