School: An Clochar, Neidín
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teacher: Brighid Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Neidín
- XML Page 399
- XML “Nósanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Un Nodlaig - An BlocSoláthruightar bloc breagh adhmaid i gcóir na teine agus romh dul a codladh dóibh an oidhce sin baintear amach an stumpa dí a bíonn fágta agus cuirtear i dtaisge é i gcuínne éigin sa tig go ceann bliadhna. Creidtear nách baoghal dóibh ón dteine-sa tig feín nó san iothlainn - faid is bíonn bloc na Nodlag slán aca. Dóightear an seana-cheann nuair a bhíonn ceann na h-aithbhliadhna i dtaisge aca.
An CoinnealCoimeadtar giota de'n coinneal sa tig agus nuair a beireann bó laogh usáidtear lasair an choinnil sin chun na ribhí gruaige do dhógad dá cíocaibh sar a dtosnuightear ar é a chrúdhadh arís.
Um CáisgRoimh greim d'ithe dóibh maidin Cásga cuirtear duine de'n lion-tíge go dtí an tobar chun fior-uisge úr do thabhairt isteach agus ní mór do gach aoinne sa tig trí bhlogain dhe d'ól in onóir na Trionóide Naomhtha - an céad broan do'n Athair, and dara braon do'n Mhac, an tríomhadh braon don Spiorad Naomh.