School: Leithead
- Location:
- Lehid, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithead
- XML Page 020
- XML “Scéal i dtaobh an Sochraid a Casadh ar Dhíarmaid ó Hearnéada”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin bhí an Seana-fhear seo ag dul go dí Corcaighe ar Caráiste mar ní raibh aon mótair na tréana ann an úair sin. Nuair a bhí sé ar bharra Coíll Doire Locha thánaig úa (?) éígin air agus ní raibh aoine leis. Bhí mála sa charáiste aige agus bhí sé lán do féir i gcóír an chapall agus chuir an sean-duine a cheann ar (?) an mála agus taréis tamaill chúaid sé a chodhladh. Núair dhúisig sé bhí sé gharid (?) do Neidín. Annsan taréis tamaill , núair a bhí sé ag dul an bóthar go Cíll Gearabháin do chonnac sé socruid ag teacht na threó. Níor (?) sé aoinne ann, agus núair chonnac an capall é do thánaig eagla air agus béígin don sean-duine (?) teacht as an caráiste agus an capall do thógaint (?) leis an ceann. Annsan núair a bhí sé imighthe (?) thar an socruid, d'feach sé in dhíag an socruid (?) acht ní raibh sé le feisgint in aon chor. Thánaig eagla mór air agus taréis cúpla lá núair chúaidh sé abhaile, fúair sé leitir ó America á rádh go raibh gaol aige marbh ann.
- Collector
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Gender
- Female
- Informant
- Díarmaid Ó Héarnéada
- Gender
- Male