School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé an liathróid in a bpóca. Chuaidh sé treasna na farraige sa bhád agus tháinig sé go tír airighthe. Bhí an tobar annsan agus bhí an spiorad ‘na chodladh agus líon sé an buideál ann.
Bhuail fáinne leis is chuir sé ar a mhéir é. Bheir sé ar shlaitín draoideachta agus thug leis é. Ghluais sé air abhaile. Bhuail a bheirt dhearbhrathair leis. Bhaineadar an buideál agus an slaitín draoidheachta de. Thug an mac críonna go dtí an t-athair é. Leigheasadh an t-athair.
Tháinig bean breagh uasal ar chapall bán go dtí an tig. D’fhiafruig sí de’n bhfear cá raibh an triúr mac. Thángadar. D’fiafruig sí dóibh cé acu a thug an t-uisge leo. Dubhairt an mac críonna gurb é feiníg thug leis é. Thairring sí dá ribe dá gruaig agus dhein dréimre mór fada de. Chuir sí faínne ar bharra an dréimre. Dubhairt sí leis an mac críonna an fáinne a thabhairt anuas éis. Dubhairt sí leis an tarna mac dul anáirde ach thuit sé sin anuas leis. Dubhairt sí leis an tríomhadh mac dul suas agus faínne (do) a thabhairt anuas. Chuaidh sé suas go dtí an barra agus thug sí suas an faínne.(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Cheallaig
- Gender
- Female
- Informant
- Máighréad Bean Uí Cheallaig
- Gender
- Female