School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 217
- XML “An Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mathghamhna as a seilbh. Cuir sé an fear bocht as a seilb mar bhí fhios aige go maith ná raibh aon airgead annsan cuir sé fíos ar an Tigearna Talmhan a bhí na comnuidhe shall i Sasana idtaob an fear seo agus dubhairt sé leis go raibh an tineónthaithe seo ana triobhlóideach agus go gcaithfead sé é cur as a seilbh.
Annsan bhí an feirm fé lámhaibh an t-agent agus tug sé é do tineontha a cheap sé go bfheadfhead sé go bfheadfeadh sé an oireadh cíosa a tubairt as. Annsan thug an tineónta sin ficeadh púnt no mar sin dó agus bhí sé sásta. Is amhlaid a bhíod an t-agent ag lorg leath scéal igcómhnuidhe igcóir an feirmeóra ná bfeadhfeadh an oiread cíosa a thubhairt dó.
Nuair a théigead na tineóntaithe ag díol an cíosa bíod eagla an domain ortha roim na tígearnaí-talmhan. Ní leogfad síad hata ná caipín ar a gceann an neomat a cífheadh síad an tíghearna agus dá mbeadh roinnt airgid in n-easnamh do thóghfad sé an tairgead 'na láimh agus steallfhad sé igcoinnibh an fhalla é. Bíod an cíos ag meadúghadh in-aghaidh an lae idtró is go mbíod a gcroidhe briste ó bheith ag obair agus beith ag cúimneamh air.- Collector
- Máire Ní Súilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean Uí Suilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 63
- Address
- Gowlanes, Co. Kerry