School: Bunaneer (roll number 10242)

Location:
Bunaneer, Co. Kerry
Teacher:
Siobhán Ní Choncubhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bunaneer
  2. XML Page 301
  3. XML “Sean-Nós - An Chuach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus go mbeidh an uile saghas mí-adh agus aindeise á leamamhaint i rith na bliadhna ar fad.
    Ach má bhíonn sé de mí-ádh ar duine an chuach a labhairt 'na cúl, bíodh súil aige le na bás, nó bás duine gaolmhar do, nó bíonn siúl aige ar trioblóid éigin eile abheith cuige.
    Deirtear an té go labharfadh an chuach 'na cúl, go mbeárfaidhe alán d'uanaibh dubha dó san aimsear céadhna go mbeadh sé in iomar na h-aindeise ar feadh na bliadhna abheadh cuige.
    Seo rud go bhféádfad duine triail do bhaint ar clos na cuaiche do an chead uair, féachaint an mairfeadh sé i bhfad. An céad noimead a cloisfeadh sé í, chaitfeadh se seasamh agus gan corruighe as an áit 'na mbeadh sé.
    Annsan a chos d'árdúgadh cun a fághail amach an mbeadh ribe fuithí. Dá mbeadh agus dá mbeadh sí liath mair sé go dtí go mbeadh sé ana aósta, ach mara mbeadh an ribe liath chaillfidhe óg é.
    Deintear rud eile fós nuair a cloistear an chuach an chéád uair, sé sun airgead d'fághail, dá mbead sé agat agus bheith á caitheamh ó láimh go láimh an fhaidh is bheadh sí ag labhairt. An té dhéanfadh é seo ar clos na cuaiche do ar dtúis gach blian, ní beadh ceal airgid air go deiredh na bliadhna. Ach dá labharfad sí 'na chúl níorbh aon mhaitheas do cleais an airgid a dhéanamh ná bheith ná bheith.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Gender
    Female