School: Both Íseal (roll number 16744)
- Location:
- Boheeshil, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ua Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Both Íseal
- XML Page 005
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Roinnt blíadhain ó shoin bhí sagart na chómnuidhe i nAlbain. Chuaidh sé i dturus éigin lá fliuch. Núair a bhí sé ag siubhal tamaill tháinig sé go abhainn. Ní raibh aon droichead ann as clocha socra cun dul treasna na habhainn.
Núair a bhí sé ag dul ó cloch go cloch do bhraith sé duine ag chuir a lamh leis. Do caith sé isteach san abhainn é. Nuair d’eirig sé d’fheach sé ina thímcheall ach ní fheaca sé aoinne agus bhí a bhróga lán d’uisge. Núair tháinig sé go dtí an bport ní raibh aon áit ann go suidhfheadh sé cun na bróga a baint dé mar bhí an talamh ró fliuch.
Do siúbhal sé go dtí go dtáinig sé go dtí seana-fothrach tíghe. Shuidh sé síos ar cloch amuich. Bhí sé ag fascadh a stocaí núair a cualadh sé duine istigh ag gearán. Chuaidh sé isteach san bhfothrach agus connaich sé fear ag fághail bháis. Cuir sé an Ola Dhéanach air. Annsan d’fíarr an sagart de cionnus a tháinig sé ann nó cé féin é.
Dubhairt an fear leis gur Eireannach é a tháinig chuig blíadhna déug ar fhichid ó shoin cun Albain. Dubhairt sé go raibh sé ag obair fé an dtalamh ó shoin ag baint gual. Ar fhágaint a baile féin do i nÉirinn do gheall sé dá mháthair gan a chreideamh do cailleamhaint. Do cuir sí crois naomtha ar a muinéal mar cuinneamh uirthi. Do fuair sí bás dá bhlíadhain(continues on next page)- Informant
- Liam Ua Foghladha
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Shronahiree Beg, Co. Kerry