School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Tagann an ghrian in-diaidh na fearainné agus:- "Ní stopfaidh an fhearainn go gcuirfidh an ghrian a ceann an-áirde."
Nuair a bhíonn feartainn ag teacht is mó comharthaí a bhíonn ann roimh ré:-
Thagann dath dubh ar an spéir go léir, agus nuair a bhíonn dath liath-bhan ar an ngréín agus í ag dul fé is comhartha bhaistighe é, agus nuair a bhíonn an gealach leath báidhthe, agus fáinne dubh mór-thímcheall uirthí, is comhartha báistighe é leis. Nuair a bhíonn alán scamall dubh ins an spéir, agus nuair a bíonn an cat in-aice na teineadh is comhirtí báistaighe iad. Nuair a bhíonn an gaoth ag séidead anoir nó anoir dheas bhíonn stoirm mór ag teacht. An gaoth andeas nó aniar is mór a bheireann báístech léíthe. Bíonn aimear fuar, fliuch, gaothmhar, agus garbh ag teacht nuair a thagann na faoileáin ón bhfairrge isteach. Nuair a bhíonn sioc nó sneachta ag teacht bhíonn alan siochain ag eitilt go h-íseal. Nuair a bhíonn na h-ainmhidhthe ag rith go dtí na tighthe nóg o dtí na cleachacha bíonn cioth mór ag teacht. Nuair a bhíonn na sléíbhte ana comhgarach duith dar leath is comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an abha ag déanamh glór mór(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry