School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 390
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí siopaí go flúirseach san gceanntar so fadó. Bhí siopa i Dromalácáin ag Seán Óg, siopa i gCúlmágort ag Ó Fhóghludha...”
Bhí siopaí go flúirseach san gceanntar so fadó. Bhí siopa i Dromlácáin ag Seán Óg, siopa i gCúlmágort ag Ó Fhóghludha, siopa i nGort-Bhuide ag Pádruig Ó Shiochfradha, siopa againn féin i gCeathrú-na-hAbhann, agus cheann i dTírcoulter ag Míceál Ó Meara. Bhí Pádruigh Ó Siochfradha ag díol mín buidhe, agus cheannuighidís an taé agus an súcra, agus dhíolfaidís na h-uibheacha a mhalairt airgid.Cheannuigidís tar éis an Aifrinn na creanaisín go léir a bíodh ag teastáil uatha an t-seachtmhain a bhí chúcha. Ní raibh an t-airgead ró-fhlúirseach san t-sean-aimsir in aoncor mar bhí an chíos ró árd, agus an tíghearna talmhan ró chruaid ortha, agus dá gcloiseadh an tígearna talmhan go raibh airgeadh ag aoinne d'árdhóchadh sé an cíos air, acht bhí an saoghal ó láimh go béil acha.Bhí fear ag dul ó thig go tigh le sean-chapall, agus cáirt aige ag díol tae le gach aon bhean-a-thighe. Bhí margadh i gCíll-Orglan agus cheann eile i gCíll Áirne agus tá siad fós ann. Bhíodar á dhíol ím, coirce(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chobhthaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Carhoonahone, Co. Kerry