School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anois. Nuair a tháinighís annso bféidir nár thuigis go rabhais ag teacht go dthí tig an t-sagairt. A bhioránaig tá tú id sheasamh ar bruaich ifriann gan fhios duit féin agus má deanfá iaract do choiméad amac ós na piantaib síorruidhe. Fiafruig díót féin "An bfuilis (?) ullamh do shlánnuigtheór d'freagairt" Deirimse nách bfuilir agus bí cúramach "Cogar a sheirbhísig Dé, an ndeirir liom go bfuilinn tu (?) sheasam ar bhruaich ifriann fé láthair
"Táir a bhreastaidhe" ars an sagart go feargach "bel, buachaill siúbhalódac is eadh (?), tá's agat agus ní thiocfainn anso gan cúis, Níl (?) aon tig cómhnuidhthe agam ach tá ceann compórdach agat. Bail ó Dhia ort. Tá fhios agam 'nois cé fé ndear álnuicht (?) do thig-se agus léidhte an t-saogail atá agat. An diabhal fé ndear iad go léir. Nách cómhgarac do h-áít chómhnuite gur chuiris fút ach ós é do chara ionmhuidhe(?) é agus é atá ag tabhairt an saol breágh compórdach duit ní gábhadh duit beit ag cnámhsáil toisg daoine aírigte bheith caradach leis. Sin rún (?) a scaoileadh indiu mar is beag d'éinne go bhfuil fhios acu go bfuilir féin agus an diabhal chómh mór le na chéíle, agus nuair a thángas annso ar maidine níor cheapas go rabhas chómh comhgarach leis an sean-bhuacaill agus tá brón orm teacht eadraibh.- Collector
- Sighle Aherne
- Gender
- Female