School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- In aiche le Cathair Saidhbhín do rugadh an taoiseach seo. Is minic do chuaidh sé tré an áit seo - tré Abha Loch go dthí an Assizes i gCorcaig. Is minic do chuaidh sé thar lear go Lonndún mar teachtaí go Páirlimínte Sasanna as san muinntear na h-Éireann ab'eadh é. Gaedhilgeóir ab'eadh Dómhnaill féin mar sí an Gaedhilg an gnáth theanga na ndaoine nuair do bhí Dómhnaill óg. Deireadh na daoine go mbíódh na Sasannaig ag iarraidh é chur cún bháis. Bhí Dómhnaill ró glic dóíbh amh. Bhí sé géar chúiseacht leis agus níor raghadh sé riamh go Lonndain gan piostal aige, má's fíor an sgéal. Ach uair amháin agus é sa chathair chéadhna fuair sé cuireadh chun dinnéir. Bhí fear áírighthe ann ná raibh ghrádh mór aige ar Dhómhnaill. Bhí gloine fíona o's chómhair gach duine ar an mbórd. Nuair a bhí Ó Conaill ag cainnt leis an d uine in aiche leis, do chuir an fear fealltach púar éígin sa gloine do bhí ó's chómhair an Conallach. Do tharla go raibh cailín aimsire sa tig. Éireannach ab'eadh í agus bhí gaedhilg aici ó'n gclíabháin. Chonnaich sí cad a thuit amach ach níor leog sí uirthi go bfeacha sí faich. Ba mhaith leí innsint dó cad a tharla agus fé dheire do chuimnig sí ar sheift. Thosnuig sí ag amhráin agus dúbhairt sí,(continues on next page)
- Collector
- Nora Joy
- Gender
- Female