School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 201
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear thíos i gCromán fadó agus do chuaidh sé ag deunamh cleamhnais go Gleannbeithe. Ní raibh aon grádh ag an mnaoi óig do, agus bhí sí d’íarraidh an teicheadh do chur air.
Do thaithn sé leis an muinntir chríona agus bhíodar a diarraidh an cleamhnais a dheunamh eatortha ach ní thabharfadh an bhean óg aon ghéilleadh dhóibh. Do bhí an bhean óg ag cuimhneamh gach lá ar é a dhíbirt ón dtig. Bhí file i nGleannbeithe an uair sin gur b’ainm dó Seán Walker agus do chuir an bhean óg sgeul chuige a rádh leis gur theastuigh uaithi é dfeiscint.
Do tháinig Walker ag triall ar an mnaoi óig agus d’innis sí an sgeul do agus dubhairt sí leis go dtabharfadh sí píosa tobach dó dá ndíbreochadh sé an fear a bhí ag deunamh cleamhnais léi, mar ná raibh aon grádh aici do.
Oidhche áirithe do tháinig Walker go dtí an tig. Do bhí an fear óg ann roimis.
Do shuidh Walker ar stól inaice an dorais agus do leig sé air ana náire do bheith air. Ní labharfadh sé le h-éinne mara dheadh, agus do bhí muinntir an tighe a rádh leis teacht go dtí(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Séaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Reennanallagane, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Reennanallagane, Co. Kerry