School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 204
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- File ó Uibh Ráthach do beadh Tomás Ruadh. Chuaidh sé go dtí Cathair Corcaighe le feircín ime uair, mar béigin dos na daoine dul go dtí Corcaig chun a gcuid ime do dhíol an uair sin.Ar an margadh i gCathair Corcaighe do bhuail Quaker leis.
"Cad é an sórt daoine atá thiar i nUibh Ráthach agaibh?" ars an Quaiker le Tomás.
D'fhéach Tomás síos suas air agus is mar seo a fhreagair sé é:-"Ní'l aenne de'n tréad, de'n orcamh (?) úd ann d'iompuig.Ní'l "Quaker mí-raghalac laistiar ann na IúdachNí'l crón chailleach riabhach ann na riabhach chailleach tuathachTá gráin ar an ndiabhal ann, sin sgeul ar mo dhúthaig"
Níor cuir an Quaker aon cur isteach eile air ná níor cheistig sé i dtaobh Uibh Ráthaig a thuilleadh é.
Sé an fear a innis an sgeul so dom ná Seán Ó Ríoghbhardain ó Dumhcha Gleanna (?)- Collector
- Eibhlín Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Ríoghbharbain
- Gender
- Male
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry