School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 213
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cad a chasann is ná corruigheann?
Freagra:- casadh ar an mbóthar
Ceithre cosa ar thalamh, dhá cois ar thalamh ceann le tóin agus tóin le talamh
Freagra:- Bean ag crú bó.
Fear sa chlais agus beart air
Freagra:- Seilmide
Bean bheag agus crios uirthi:- crios = belt
Freagra:- Punann
Léimeann sé cladhthaca agus itheann sé geamhair
bó bheag, cosa éadtroma, agus gan adharcha ar a cheann
Freagra:- Girrfhiadh
Chímse é agus ní fheiceann tusa é agus is goire duitse é na dómhsa
Freagra:- Cúl do chinn
Do bhí sé mí d'aois roimh m'aous agus tá sé san aoin céadna fós.
Freagra:- Gealach
Ceist do chur tuathach ar sagart
Is do cuaidh don Easbog é reidhteach
Driotháir do bhí ag driothár m'athar
Is níor b'úncail dómhsa an té sin.
Freagra:- T'athair féin
Corcán feóla lán d'fheóil beo.
Freagra:- méaracán