School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 227
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí tighearna talmhan i na chomhuidhe i Licín i nGleann-Cárrthaig os cionn ceud blia ó shoin darbh ainm do Newton. Sasanach do beadh é, agus do bhí sé go h-iongantach i gcoinnibh na sagart.Bhí an sagart paróíste maidin Domhnaig áirigthe ag teacht chun an Aifreann do léigheamh sa tséipéal agus do bhuail duine da (?) pharóisteánnaig leis dar b-ainm do Martain Ó Seagda agus do bhuail Newton leó agus do chuir sé comhartha éigin gránda i na aghaidh a theasbáin dóíbh nár thithn an sagart leis. Annsan nuair a chonnaic Martain é "Shíligheas" arsa Mártain leis an sagart "go raibh power agaibh" "Tá leis" arsan sagart "ach do bheadh an purgadóíreacht ró-mhór." "Agus an mór é a Athair" arsa Mártain. "Cuig bliadhna fichead" ars an sagart. "Mo chroidhe diabhal, a Athair
Arsa Mártain "go gcúiteóchainn a leath leat, mar tineontaidhe le Newton do beadh Mártain agus gur mhaith leis pionós éigin do chur air.An bliadhan ceudna do mhairbh a chapall Newton ag teacht anus Chnoc Tráighlí.
Sé an duine a innis an sgeul so dom ná mo shean-athair Tomás Ó Chonchubhair Gleanncárrthaig- Collector
- Peig Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Lough Caragh, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ó Chonchubhair
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 88
- Address
- Glencar, Co. Kerry