School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tabhair cuid den mhin seo do Sheán Ó Gríobhtha.
Tá a bhean na h-óinsig agus a inghean críona
Tá sé féin na breall agus beidh sé amhlaidh choidhche."
"Seo," ar seisean le Seaghán "beir leat an páipéirín sin agus téighir go dtí tig an tsagairt agus tabhair do é isteach 'na láimh féin agus gheobhair an mhin. Imtig anois agus ná bí abhfad."Dimthig Seaghán agus do rug sé leis an páipeár. Tháinig sé go doras tighe an tsagairt.
"Cad tá uait-se," arsan bhean a bí ag obair do'n sagart.
"Dubhradh liom an páípéar seo do thabhairt isteac na láimh féin do'n sagart paróiste" arsa Seaghán.
"Do snap sí an páipear as a láimh agus dimtig sí isteach.
"Seo, a Athair," ar sise, "agus deir an teachtaire e thabhairt isteach id' láimh féin duit."
Do léig an sagart a raibh ar an bpáipear.
Do leim sé as an gcathaoir.
"Ce tug dhuit é seo" ar seisean.
"Duine bocht atá amuich ag an ndoras, a Athair," ars sise.
"Cuir chúgham annso isteach é" ar seisean
Do cuireadh isteach Seaghán.
"Cé thug an páipear so duit" arsa'n sagart.
(lean ar leath a 79)(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Séaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Callahaniska, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Callahaniska, Co. Kerry