School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 288
- XML “Na Buachaillí Bána”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí dream d’fhearaibh ann fadó go dtugtar na Buachaillí Bána ortha. Bhídís amuigh gach oidhche ag siubhal dóibh féin mór timcheall na tíre. Do bhí an Tighearna Talmhan ana dhian san am san ar na daoine bochta ag bailiú cíosa agus á ndíbirt ó áit go háit. Do bhí na Buachaillí Bána ar a ndicheall a d’iarraidh an Tighearna Talmhan do chur fé chois agus é a dhíbirt as an dtír ar fad. Do dheinidís an stoc do thógaint as talamh an Tighearna Talmhan agus an stoc do mharú annsan agus an feól do roinnt imeasg daoine na háite. Do bhí dlighe na Sasanaig ana dhian san am san. Bhí sé ana dhian ar chlanna Ghaedheal. Do bhí dream píléirí agus saighdiuirí ag tabhairt aire do gach Tighearna Talmhan ar eagla go ndéanfaí é do mharbú agus ba dheacair dos na Buachaillí Bána dul chun cinn ró mhór mar bhí camtha an Sasanach ró láidir ‘na gcoinnibh ach do tháinig athrú sa tsaoghal mar níor stad fir crodha na hÉireann ó bheith ag troid riamh ó shoin igcoinnibh na Sasanach.
- Collector
- Máire Ní Shéagdha
- Gender
- Female
- Address
- Reennanallagane, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Reennanallagane, Co. Kerry