School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 031
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulBhí buachaill bocht ann uair amháin agus chuaidh sé go dtí Mainistir-na-Féile ag obair.
Ní raibh sé abhfad ann nuair a fuar sé bás. Nuair a chualadh a deirbhsiúr go raibh sé marbh do shiúbhal sí go dtí an áit ‘na raibh sé ag obair.
Do chuaidh sí isteach sa tig, agus do thosnuig sí ag gol ar a dearbhráthair. Níor cabhraigh aon bean eile léi, agus bhí sí ar buille, mar bhí fhios aici ná raibh sé deas bheith ag gol ‘na aonar, agus dubhairt sí:-
“Greadadh cúghaibh a mná Mainistir-na-Féile,
Agus dá goileadh gach aoinne le na gearán féin,
Ní bead-sa ag gol im-aonar,
Tá na choilig ag glaodhach, agus an lá ag asgairt,
Agus is mithe dómh-sa beith ag imtheacht abhaile,
Ag triall ar mo mháthair atá go duirc im’ dhiaidh sa bhaile.”Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
Caitlín Bean Uí Coisdealbha (50) d’aithris
Coill-Coidhtheach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Caitlín Ní Choisdealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Uí Choisdealbha
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilkeehagh, Co. Kerry