School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 061
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo bhí baintreach ann úair, is ní raibh aici ac aon mac amháin. Bhíodh an buachaill san amuigh gach oidhche go h-ana-déanach, is bíodh eagla ar a mháthair istig san oidhche, gan aoinne in aoinfheacht leí. Chuaidh sí cun cainnte leis an sagart mar gheall air, agus d’innis sí dó, an áit in a bhíodh sé.
An oídhche in a dhíaidh sin, d’imthigh an sagart amach, tímcheall le meádon-oidhche is do bhuail an bhuachaill leis, agus do thosnuígheadar ag cómhradh le’n a chéile. Dúbhairt an sagart gur fhág sé a hata sa roilig an lá san, agus d’íarr sé air, dul agus í do bhreith chuige.
D’imthigh an bhuachaill láithreach, ach ma dein, d’imthigh an sagart treasna na páirceanna cómh-maith agus bhí sé ann roimis. Nuair a bhí an buachaill cun an hata thógaint, do labhair an sagart leis, agus dubhairt leis, an hata d’fhágaint in a dhíaidh. Do bhí an buachaill i gcás annsan, is ní raibh fhios aige cad a déanamh, ach fé dheire d’fhág sé an hata in a dhíaidh, agus chuaidh sé go dtí an áit in a raibh an sagart, ach má dein, chuaidh an sagart treasna na páirceanna arís is bhí sé san áit roimis. D’innis an buachaill a sgéul(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Informant
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Letter East, Co. Kerry