School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 318
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana CheardannaAinm an aithriseora: Seán Ó Riordáin.
A sheoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A aois: 75 bl.Bhí alán céard ag daoinibh na h-áite seo - Gleann Beithe 'san allód.
Seo cuid díobh so leanas - ag déanamh coinnle, ag déanamh braitlín agus rl.
Seo mar a deanadar na braitlíní.
Ceannuigheadar síol lín agus do chuireadar é. Nuair a bhí sé aibidh níor ghearradar inaoncor é ach do (ghearradar) tharraingeadar leis na lámhaibh é. Leathadar amach ar an dtalamh é agus dheineadar punainne de cosamhail le coirce. Cuireadar an líon i bpoll uisge ar feadh coicthighíse nó mar sin.
Rugadar amach arís é agus leathadar amach é cun é do thriomú agus cun é d'feód.
Deineadar punainne arís de agus thógadar isteach é. Cuireadar anáirde ar lochta é cun é do déanamh cruaidh.
Thógadar anuas é. Bhuaileadar le tuairgínibh é - smut a mhaide, agus ní miste a rádh ná gurbh' cruaidh an obair
é sin.
Déanadar tráithníní de annsan agus chuireadar anáirde ar an lochta arís é ar feadh tamaill(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Seán O Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Curraheen, Co. Kerry