School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 333
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chuirtear isteach i sáspan bainne é agus chuirtear in-aice na teine chun é do beirbhiú.
Nuair a bhíonn sí beirbhthe deintear é sgagad agus óltar an bainne.
An t-eidhneán. Deintear úsáid de'n eidneán chun tinnis cinn agus fadharcán. An gréasán cun gearrtha. Faightear an gréasán agus chuirtear ar an ngeárr é agus stadann an gréasán an fuil. Deintear an rud céadhna le slánlus.
An cupóg cun cloganna na neanntóga do leigheasiú - súghlach na cupóige a fásgtar ar an gcloig.
An nóinín cun tinnis cluaise. Chuirtear an nóinín isteach san gcluais agus leigheasann sé é.
An neantóg chun dathaig. Chuirtear an neantóg ar an áit a mbíonn an dathach agus chuireann an neanntóg cloganna ann agus leigheasann sé an dathach.
An caisearbhán. Ar dtúis pioctar an caisearbhán agus nightear é agus chuirtear ar bogadh san uisge fuar é agus annsan chuirtear in-aice na teine é agus nuair a bhíonn sé beirbhthe tógtar amach as an sáspan é agus chuirtear isteach i mbuidéal é(continues on next page)- Collector
- Síle A. de Búrca
- Gender
- Female
- Address
- Drom, Co. Kerry
- Informant
- Muiris de Burca
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Drom, Co. Kerry