School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 363
- XML “Tórramh agus Sochraid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Torramh agus Socraid.Ainm an Aithriseóra: Míceál Ó Síochtháin
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 52 bl.Nuair a gheibheann duine bás i dtig bíonn torramh ann.
Ar dtúis níightear an corp agus cuirtear an aibíid air agus cuirtear fé clár í ar bórd mór nó leabhadh.
Annsan tósnuigheann an torramh. Tagann na daoine isteach agus bíonn siad ag gol le muinntir an tíghe agus má thagann sean-mná tosnuigheann sí ag olagón,.
Leanann an torramh ar feadh dhá oidhche. Bíonn tae agis portéir agis má bíonn an duine saidhbhir bíonn uisge-beatha ann.
Bíonn snaoisín agus tobac á dtabhairt amach ann. Geibheann na mná an snaois agus na fír an tobac.
Más an duine aosta a bhíonn fé chlár bíonn na daoine ag innsint sgeulta ar feadh na h-oidhche.
Téidheann cuid aca abhaile agus fanann cuid eile ag torramh an chuirp. Deireann siad an Paidín ar a dó deug a clog agus(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shiochtháin
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Míceál Ó Síochtháin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry