School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 143
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Cailín a bhí ag bearradh uair.”
(continued from previous page)Neidín atá láimh léi is baile breágh é
Is caithfimíd lá agus oidhche ann
Cuarduighid róimh aníos muinntir Bhroin Uí Bhriain ronntuighdh iad.
Mar a mbíonn na seithí agus gar na mBeithidheach
Do chaitheamh i líon thar téórainn.
Mara bhfachtar é san áit sin cuirfeam in áirde
I mbaile Caisleán Bhéara(no title)
“Beirt cailín go dtí an Sneem le stocaíbh - a ndíol ar an aonach.”
Seán Hussae nó Seán na Saoi do chum ó Chill a Guirtín do.Beirt cailín go dtí an Sneem le stocáibh – á ndíol ar an aonach. Casadh ceó orra sa chnoc. Dheineadar filleadh abhaile agus chinneadar ar gan a innsint do Seán a bhí mar dheadh ‘na chodhladh ar an raca rómpa. Seo mar adubhairt agus ar chlos an sgéal do.
D’imthighear uainne féinig ar maidin indé go moch.
Fé thuairim dul go dtí an t-aonach ‘s a stocaí ar a dtaobh acu
Tháinig éclips éigin nó scamall ón spéir orra
Sé an áit dár seoladh iad féinig chun Póna na Stéige soir
Do shuidheadar annsan agus do dheineadar cómhairle agus do shileadar deóracha.
Ag agairt ar Rí na Glóire a dtógfadh sé an ceó don chnoc
Le h-eagla aon stróire bhuail umpa sa bhóthar dhéanfadh aon fhórsa ann
Go dtí gur casadh chun tihe Sheáin na Móna iad mar a bhfuaireadar cóir agus cion.Seán na Saoi
Seán Ruadh Ó Súilliobháin d’innis- Informant
- Seán Ruadh Ó Súilliobháin
- Gender
- Male