School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 398
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Agallamh é seo idir buachaill óg a bhí ag fágaint na h-Éireann agus cailín og tá ag labhairt leis. Deir sé léi nách bhfuil faic aige ach a shláinte...”
Fuaireas é seo óm’ shean-athair Dónal Ua Céitig, Tig ósta, Doire Fhionáin tímpal sé bliana ó shoin. Beannach Dé lena anam.Agallamh é seo idir buachaill óg a bhí ag fágaint na h-Éireann agus cailín óg tá ag labhairt leis. Deir sé léi, nách bhfuil faic aige ach a shláinte. Sidé an filidheacht a ceap an bheirt.(Buachaill)
“Tá cailín insan mbaile seo
Gurb ainm dí sin Máire
Do tug mé grádh agus taitneamh dí
Tar cailínibh na h-áite
Níl ór agam níl airgead
Níl éan nídh acht mo shláinte
‘S más rogha leat duine follamh
Bím agat agus fáilte”(Cailín)
“A ógánaig óig
A bhfuil óir buidhe ‘na phóca
Go bhfeicfidh mé do h-allaí
Geala, agus do chóiste
Go bhfeicfidh mé do gháirdín
Lán do gach toraidh ‘na “posy”
‘S na céadhta a fhághail bháis
Le grádh do phósta"(continues on next page)- Informant
- Dónal Ua Céitig
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Darrynane, Co. Kerry