School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 20-11-‘35 Fuaireas an sgéal seo ó Eibhlín Ní Churdháin (tímcheall 60 bliadhna) ó Máighistir Gaoithe.An Sgéal“Huddon agus Duddon agus Dónal Ua Laoghaire”Do chómhnuig Huddon agus Duddon agus a mháthair agus Dónal ó Laoghaire agus a mháthiar in aon tig amháin.
Lá bhí Dómhnaill amach, do mharbh Huddon agus Duddon máthair Dómhnall agus nuair a tháinig Dómhnall abhaile bhí sé go buartha agus do chuir sé ar a dhrom í, agus d’imtig sé cun na catharac leí.
Do bhí tobar i dtaobh amuigh don cathair agus do cuir sé a mháthiar ‘na seasamh agus teannta maith léi.
D’imthig Domhnall isteach go dtí tig go raibh ól dá díol ann. D’ól sé deoch agus dubhairt sé le mnaoi an tíghe, dul amach agus glaoch ar a mháthair, go raibh sí leagtha leis an bhfuacht agus go mbeadh braon uisce beatha aici. D’imthig bean an tíghe, agus do bhí sí ag glaoch uirri, agus do cruit sí í, d’imtig an teannta agus do thuit sí isteach sa tobar.
Do rith bean an tíghe isteach agus dúbhairt sí, go raibh a mháthair i bhfonntais, gur thuit sí isteach sa tobar. “Yeros a bhean” a dubhairt Dómhnall “tá mo mháthair(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Ní Churdháin
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry