School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 070
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Fhocail Fadó bhí mórán sean-fhocal ag na daoine ach níl mórán aca anois. Seo cuid díobh a fuaireas ó sean-duine. Dá bhfeicfeadh aoinne duine eile ag deanamh rud éiginn nár dhein sé ríamh cheana dearfadh sé “Ó ba anamh leis an cat srathar a bheith air” nó “an rud is anamh is iongantach.” “Is olc an gaoth ná séideann go maith do dhuine éigin.” Deirtear é sin nuair a thuiteann aon rud amach agus go ndeineann sé díoghbháil do mórán daoine agus go ndeineann sé maitheas do dhuine eile. “Itheann muca ciuin a gcuid.” Deirtear é sin nuair a chítear duine ciuin ag eirghe go maith nó níos fearr sa tsaoghal na an duine go mbíonn mórán cainte aige.
Nuair a ceapann duine gur rud ana iongantach an rud a bhíonn ag duine eile agus ná bíonn sé aige féin deirtear leis, “Is mór toimhseach íad adharca na bó tar lear.” “Is dána gach madra in a eatrain (otrainn) féin.” Úsáidtear an sean-focal nuair a chítear duine aerach ag eirghe ciuin nuair a théigheann sé go h-áit eile ó na ceanntar féin. “Is fearr Aifreann rómhat ná dhá Aifreann(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Informant
- Muiris O Conaill
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry