School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 048
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na cúig curcáin mhóra prátaí agus an croiceann ortha. Do deánfadh an méid sin biadh coighchidhse do Sheán. In dhiaidh sin cuaidh sé féin agus a bhean agus beirt inghean go Learpholl agus bhí tig bhreág aige ann. Bhí fear láidir eile ins na Ródaibh darbh ainm Pádraigh Ó Cobthaig ach tá sé beó fós; an "Yank" a tugtar air mar bhí sé in America leis a dhearbrathár dob fhédir leis cúig ceád meadhchaint do thógáil dob é an fear ba láidre in America an uair sin. I Boston do bhíodh sé san tigh a marbhuightear beithidheagh, ceathramhadh do beithidhigh (?) dob eadh an meadhchaint.
- Fadó tháinig fear ó Corchaig go dtí paróiste na Dromoda; maíghistir rinnce dob eadh é is gach Domhnch taréis Aifrinn do bhíodh rinnce acha ag barra na h-Aoine. Tráthnóna amháin thaínig cailín óg deas go dtí an aít; nuair a chonnaic an Mháighistir rinnce an chailín deas óg thuit sé in ghrád leí is dealluigheadhar le céile gur sroiseadh abha na h-Aoine. Bhí muinntir an chailín na dhiaidh. Ach nuair a srois sé an abha níor bhféidir leis siubhal treasna mar bhí sé ro-dhoimhin ar fad. Thug sé léim amháin is níor stad sé gur sheas sé slán ar an mbruach eile. Acht dá mbeireadh na daoine air is dóca go dtógaidís a bheatha. Fear an-láidir dob eadh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Curráin
- Gender
- Female
- Address
- Roads, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Roads, Co. Kerry