School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 068
- XML “An Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí stoirm mór ann san mblíadhain 1885 an stoirm ba mheasa dár gcuimhin le mo shean-athair ríamh. Ba mhór an díoghbhail a dhein sé dos na daoine go mór mhór dos na feirmeóirí. Do scúab sé bárr an t-seimné ins na tighthe go léir ins na Ródaibh, bhí sé cómh h-olc san, agus na binne leis, agus an díon. Bhí fear ann darbh ainm Tadhg Ó Cathbuadhaigh, agus bhí Tadhg bocht breóidhte san leabaidh agus do thuit na scráthacha anúas air, gach aon scrath do'n tig, agus níorbh fheidir leó é fheiscint, bhí sé i bhfolach dhíobh acht do sághbálach é. Do leag sé cruidhte tímcheall Tig na mBocht (Baghaghs) (?) agus tighte leis agus cocaí féir. Núair stad an ghála d'eírigh stoirm san bhfairrge go feóchmhar agus fiádhain leis. Bhí cúpla cruách móna ag na Loínsigh ar poinnte na rinne agus do scúabh an t-uisge an méid móna a bhí ann ó's na daoiníbh bochta. Do scrios sé moínteán mór in-aice na trágha agus súas leis go dtí an geata mór leis an taoíde mór. Tá mórán amhrántaí mar gheall ar an ngála sin, go raibh daoine scuabhta súas san aer ó Cíarraighe soir go Luimnig. Bhí sé i dtúar is i d'tarrainge ag na sean daoine agus ba mhór an méid cómhraí a bhí roimhe an spéir-geal san oidhche ar an dtreó thuaidh agus sgamaill deallramhtach(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Móráin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Roads, Co. Kerry