School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 086
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá alán áiteanna mór thímceall na h-áite seo agus do baisteadh ainmneacha greanmhara orra, seo cuid díobh:-Garraídhe Bhóthar - Tugar an ainm sin ar an páirc mar tá sí inaice an bhóthair; Páircín Pludaig ar páirc atá ana fliuc; Garraídhe Íoctarach ar páirc atá thíos cois farraige; Páirc na h-Iomaraí ar páirc a bhí i gcómhnaídhe curtha fé barraí. Páirc na h-Onac (Eoín) mar tá sé inaice le liosacán; Páirc na gCipíní mar tá sé lán de fraoig.Carraig na n-Ean: sin carraig atá amuig san bhfarraige mar is anáirde ar san a bhíonn na faoileáin agus is minic a théigheann na báid amac cun na u-uibhe d'fághail. Bollán Bréanann (Brainen) tugtar an ainm sin ar an gcarrig mar Bréanann a bhí na gcómhnaídhe i dtaobh istig de'n charraig sin. Leac a' Chaisleán mar tá an gcarraig cruinn ár nós caisleáin agus cré iseadh leath di agus cloc an leath eile. Carraig Líath mar tá dath líath air. Carraig na bPréacán mar bíonn na préacáin liath ann agus is ann atá na neadacha aca.Cuas Taidhghín Laighdhín: bhí fear ins na Cealla fadó agus Taidhghín Laighdhín a ainm. Bhí mac amháin aige agus fuair a bhean bás. Fear cruaidh ab'eadh é agus lá amhain do thóg sé a mhac leis agus do chaith sé é leis an bfaill agus bhí an fuill ar na clocha agus glaodhthar Cuas Taidhghín Laidhghín air ó shoin i leith. Cuas an Adhmaid: glaodhtar an ainm sin air mar do thagadh adhmad isteach ann go minic leis an bfarraige. Cúas a' Teampuill: is amhalidh(continues on next page)
- Collector
- Bríd Ní Muirceartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Bríghid Bean Uí Mhuirceartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Kells, Co. Kerry