School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 093
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na sean-daoine a bhí ann fadó ba ait na leigheasanna a bhí aca. San am san ceapadar go raibh daoine maithe ann agus einne geobhad poc uatha bhí saghas luibh mar leigheas aca air is tugtar luibh na bleaist air.Lá amháin bhí beirt fhear ag baint aitinn inaice le Cuas Caorach. Dubhairt duine aca go raibh aithne aige ar fear gur bualadh poc air. "Ó, tá leigheas agam air" arsan dara fear "cad é" arsan céad fear "lúibh atá ag fás is tugtar luibh na bpleaist air" arsan dara fear. "Ó, teasbain dom é" arsan chéad fear. Do leigeadar na beirt síos is thosnuigheadar ag cúardac. Níorbh fada na ndiaidh gur tháinig gála sídhe is sciob sé na beirt go léir san spéir, is ritheadar le scannradh abhaile. Is deirtear nác cheart an luibh sin a piocadh mar tuiteadh an bleaist ort. Is amhlaidh a dheineadar as son amach chórda a cheangal le h-eirbhall madra ós tuiteadh an bleaist air. Máire Ní Churráin
Ródaibh- Collector
- Máire Ní Churráin
- Gender
- Female
- Address
- Roads, Co. Kerry
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Curráin
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Roads, Co. Kerry