School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 470
- XML “Micí Lad”
- XML “Bacach an Mhála Mhóir”
- XML “Bacach an Mhadraidh”
- XML “Bacach na Líonta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Amuich i nDromod abhíodh comhnaidhe air an bhfear seo. Théigeadh sé thimcheall na duthaighe ag lorg déirce agus é ag marcuigheacht ar asal. Fear gurbh fuirist fearg do cur air do beadh é agus dá bhrí sin bhíodh buachaillí na h-aíte ag imirt clis air go minic.
- Bhí an fear bocht seo beagáinín ar eadtromacht. Bhíodh mala mór dá iomchar aige igcomhnaí agus gan ann ach clocha! B'é cúis go mbíodh na clocha aige ná cun caitheamh leis na buachaillí nuair a bheadh siad ag magadh fé nó ag imirt clis air. Déaradh sé leo igcomhnaidhe agus é ag caitheamh leo "Tabharfad gairm díbh, agus clocha treasna an ghairm"
- Bhíodh madra mór ag an bhfear seo igcomnaidhe nuair a thagadh sé timcheall. Bhíodh sé an-mordhalach as an madra agus b'éigin do ghach bean a' tighe rud fé leith a thabhaiart dó le h-aghaidh an mhadraidh. Nuair a fiafruightí de an raibh aon mhaitheas sa mhadra dhéaradh sé go mbainfeadh sé iomrascáil as gach aon mhadra i nUibh Ráthach.
- Collector
- Mícheál Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- Reenard, Co. Kerry
- Informant
- Liam Ó Murchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Reenard, Co. Kerry
- Tugadh an ainm sin air tosc go mbíodh sé ag imteacht timceall na tíre ag cniotáil lionta. Do cumadh dán 'na thaobh. D'imthigh sé mar seo:-(continues on next page)