School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do tharraingidís fán na sráide iad “gá mbreith leo chun na Sgeilge” bhídís, mar dheadh. Oidhche na Sgeilge a tugtar ar an oidhche sin.
Bíonn fleadh is féasta ins gach tig an oidhche sin Máirt na h-Inide, ag tabhairt slán le sódhluistí go deire an Carrghaois. Deintear pancóga ins gach tig agus bíonn ana-fleadh acu.
An Carrghaos: bíonn an Carrghaos ann ó Céadaoin a’Luaithridh go dtí Domhnach Cásga. Bíonn na daoine ag treanadh is ag trosgadh i rith an ama sin, in onóir trosgadh Ár Slánuighteóra.
Céadaoin a’Luaithridh: bíonn an sagart ag tabhairt luaithreach naomtha amach an lá sin. ‘Sé Céadaoin a’Luaithridh an céad lá de Carrghaos.
Sean-fhocla:
(a) Ráithe ó Nodhlaig go féile Pádraig;
Ráithe ó fhéile Pádraig go féile Sheáin;
Ráithe ó fhéile Sheáin go féile Mhicil;
Agus ráithe ó fhéile Mhicil go Nodlaig arís.
(b) Ó lá le’ Bríghde amach, bíonn na h-éin ag déanamh a nead, bíonn na caoire ag breith na n-uan ag dul i dteas.
(c) Céadaoin a’Luaithrig go mbaintear na cluasa d’en té a iosfadh feoil.
Domhnach na Cailce: tuiteann Domhnach na Cailche ar an Domhnach roimh Domhnach Cásga. Tugtar an failm amach an lá sin. Cuirtear an failm ins gach tig ar an bhfeirm; ins an tig, ins an cró agus ins(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Oghermong, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Oghermong, Co. Kerry