School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An Br. B. L. Mac Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 604

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 604

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 604
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. B'é Micheál O Braónáin ón t-Sráid Nuadh a bhailigh na paidreacha seo thíos. Fuair sé on a Aintín Eibhlín Nich Gabhann iad.

    (I) Cabhair a' Íosa is a Mhuire is cabhair ón Spioraid Náoimh agus dá láimh geala Críost idir mé is aicíd fiabhras agus plág anocht bliain o anocht agus anocht féin. Nuair connaich Críost an Cros go raibh sé le crocadh air do tháínig air crioth cos agus lámh D'fiafruig Iudach go neamh-truaghmealach ciaca a bhí ag teacht ar crioth fiabrais nó pláig. Do labhair an guth os cionn a cinn agus dubairt sé na raibh ag teacht air crioth fiabrais nó pláig.

    Aenne a deireadh an paidir seo ní baoghal dó go bráth.

    (II) Ofráilim suas an méid seo urnaighthe mar onóir do Dhia mhór uille cómhachtac don Mhaighdean glóírmhar ar ceann mo sláinte is ar shon mo peacaí a íarraidh ar an dTiagharna agus an Mhaighdhean Glóirmhar ar Michíl Naomtha is ar Naomh mhór Iosep gach géirleamhaint agus trioblóidí na bliana dá bfuil ar siubhal dom cuid istig is amuigh. Bás naomhtha agus saor breitheamhnathas a cuir in ár n-anamh. Cuirimis fé comaraighe an Tighearna trocairigh agus na Mhaighdne Mhuire, maidean agus um tráthnóna, ag luighe is eirighe dom cun stiuirú im leas. Coimeád ar stad na grást stad na maitheas agus stad na seirbhéis cun leas ár n-anam a déineamh mar is cóir i gcóir na siorraideachta. Nach d'alaigh Dia ár gcuid is ár ndaoine ingach aith dá bhfuil siad. Sgéal maith duinn o gach aon taobh. Amen.

    (Féach leathanaigh 3 go 6)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.