School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul
Eacthra Bheirt Gharsún
Nuair a bhíosa óg chloisinn na seandaoine ag chainnt ar thig fé thalamh a bhí i dTúirín na Gréine, timhcheall is míle óm' thighse is dubhart liom féin go ndéanfainn iarracht ar dhul isteach ann, dá bfhaghainn aoinne a raghadh im theannta. Do bhí buachaill eile ar scoil le m' linn agus Dómhnall na Díoghbhala ar thugaimís air, mar ní bhíodh sos ná suaimhneas aige gan bheith ag déanamh díoghbhála. Nuair a chíodh sé crúisgín, nó cearc, nó gé, nó buidhéal, taobh amuigh de thigh bheireadh sé ar chloich agus chaithfeadh sé é. Dá mbeadh crann ubhall ag fás i ngiorracht leath-mhíle do'n bhótar sé Dómhnall an duine is túisge a bheadh anáirde air. Ba mhó é ár mheas ar Dhómhnall ná ar an múinntéoir agus ba bhréag linn dá mbeadh airm againn is Dómhnall mar captaen orainn. Lá amháin thug an múinnteóir ana léasadh do Dómhnall is dom' féin mar ná raibh ár gceachta de glan mheabhair againn. "Cá ragaimíd nó cad(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Connchúbhair
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Cloghanelinaghan, Co. Kerry