School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leó eachtara dó. Fear mór sgéalta ab eadh Dómhnall Ó Séaghdha .Dubhairt Dómhnall na mBó cúpla amrán nó trí dhó agus trí sgéalta fiannaidheachta. Seadh anis arsa fear an tíghe le Dómhnall Ó Séaghdha. Tá sé seo tuirseach ó bheith ag cainnt. Tabhair-se sgéal nó amhrán éigin uait. Níl aon nídh agam arsa Dómhnall Ó Séaghdha. Tá eachtra éigin agat a dubhairt sé. Níl arsa Dómhnall ní aon mhaith dhuit bheith liom. Bídhíd ag feistiú chun dul a chodladh mar sin. Chuir sé anáirde i seomra a bhí ar lochta , Dómhnall na mBó agus dubhairt sé leis dul a chodladh ann. Nuair a fuair sé sa leabaidh é do bhuail sé an glas ar doras an tseómra. Chaith sé Dómhnall Ó Séaghdha i seómra a bhí síos as an dtig agus bhuail sé an glas air. Ní mór an chodladh a bhí déanta ag Dómhnall Ó Seaghdha nuair a bhuail fear an tíghe isteach chuigis agus gunna aige. Dubhairt sé le Dómhnall Ó Séaghdha bheith 'na shuidhe go tapaidh agus a chuid éadaigh a chuir uime. Dubhairt sé leis é féin a leanúint agus béigin dó. Thóg sé leis é go roilig a bhí tamall e'n dtig agus níor stadadar nó gur dheaghadar go béal tuama a bhí ann. Dubhairt sé le Dómhnall Ó Séaghdha an leac a bhí i mbéal an tuama a iompáilt i 'leathaoíbh. Dhein(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry