School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dubhairt sé leis an chómhra nuadh a bhí istigh sa tuama a thabhairt amach chuigis. Thairg sé 'mach í. Dubhairt sé leis an clúdach a bhaint di agus an corp a bhí istigh innte a thógaint amach chuigis. Dhein sé rud air. Dubhairt sé leis an aibíd a bhaint de'n fhear marbh agus dubhairt sé leis a chuid éadaigh féin a bhaint de anis agus iad a chur ar an bhfear marbh agus an aibíd a chur ar féinig. B'éigin dó, Nuair a bhí san déanta aige dubhairt sé leis an cómhra fhollamh a chuir isteach sa tuama arís. Do dhein agus dubhairt sé leis an fhear marbh a chur a dhrom chuigis. Ghluaiseadar aortha fé dhéin an tíghe annsan. Do chuir sé Dómhnall Ó Séaghdha agus an fear marbh sa tseomra agus bhuail sé an glas ortha. Nuair éirigh Dómhnall na mBó ar maidin chuir sé tuairisg Dhómhnaill Uí Sheaghdha agus dubhairt fear an tíghe go raibh sé glanta leis abhaile leis an moch- éirighe. Bhí ana iongadh ar Dhómhnall na mBó nár ghlaoidh sé air féinig ach níor leog sé aon nídh air. Thug sé agaidh ar an mbaile agus nuair a shrois sé ní raibh Dómhnall Ó Séaghdha sroiste roimis. Istoidhche Deardaoin ab eadh í sin. Thóg fear Chíll Áirne an fear marbh an oidhche sin ar chapall Dhómhnaill Uí Shéaghdha agus níor stad sé nó gur tháinig sé go doras tíghe Dhómhnaill Uí Sheaghdha ar an Lóthar. Chualaidh(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry