School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duit-se agus seól dómhsa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat. Teidhir a chodhladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailitís. Cad na thaobh san a chailín críonna , mar caithfeadh bairlíní a dhéanamh de, agus bhíodar déanta fe cheann nóimeat. Téidhir a chodladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaobh sa. chailín chríonna mar caithfeadh dul go dtí an tobar fé dhéin galún uisge. Nuair a chuaidh sí amach bhuail fear léi. Dubhairt sé léi na haon nídh a dhéánamh fé mar a dearfadh sé féin léi. Dubhairt sé léi a cosa a níghe agus an t-uisge a chaitheamh amach.Ní haon ana las atá istigh agat. Nuair a bheidh tú ag déanamh ar an dtig cuir béic asat agus abair é seo. Cnoc na mban Fíonn agus cnoc ós a chionn fé bhárr lasrach. Anaman diabhal arsa'n fear tá mo bhean is mo pháistí fé bhárr lasrach. Do rith sé an doras amach . Do dhún sí an doras na dhiaidh. Níor dhein sí acht braoin uisge do chaitheamh sa chorcán agus do nigh sí a chosa agus do chaith sí an t-uisge an doras amach. Níor raibh acht san déánta aice nuair a tháinig an fear arís agus dubhairt leig isteach mé, leig isteach mé a uisge na gcos.N 'fhéadfainn é arsa uisge na gcos mar táim lasmuigh díot. Leig isteach mé a thlúighlín. N'fhéadfainn ,é arsa 'n tlúgh- lín mar tá mo cheann fé 'an taobhán. Leig isteach mé a dhroll. N'fheaffainn é arsa'n droll mar táim(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheal Ó Diolláin
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- Cinn Aird Thiar, Co. Kerry