School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 332
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean fadó ann ag sníomh lín a bhíod sí agus d'fhanad sí ana dhéanac suas na h-aon oidhche.”
Bhí bean fadó ann ag sníomh lín a bhíod sí agus d'fhanad sí ana dhéanac suas na h-aon oidhche. Oidhche mar seo d'fhan sí sa chistin ag sníomh. Tímceall an dá uair déag bhuail bean isteach chuiche "Is déanach a tán tú suas ag sníomh" ar sise léi "tabhair cuid den lán sin dómhsa agus sníomhfadh duith é" ar sise.
Dubhairt sí léi ansan gur gearr go mbeadh sí cúichi airís agus nuair a thiocfadh sí cuice airís leis an snáth sníomhtha go gcaitfeadh sí a h-ainm do bheit aice di nú go mbéurfhad sí í féin léi, ceann eigin aca.
Go h-áruighthe ní raibh an bhean aosda istigh leí féin nuair ná fheadar sí cé'n ainmh abhí ar an mnaoi stróinséara bhín garsún ón áit céudna ag oidhreacht ba inaice ag sníom fen lios agus í ag rád léi féin. "Da mbeadh fhios ag bean an lín gur giurlaig - geurlaig mo ainm - sé is breágh dho codhlocadh sí an oidce" Tháinig sé abhaile agus d'innis sé do bhean an lín chonus mar a chualaidh sé bean ag amhrán agus gur b'é sin an t-amrán abhí aice.
Nuair a tháinig sí cuice thar nais agus an lín sníomuighthe ar sise léi. "Dia bheatasa ar id t-sláinte a Giurlaig Géurlaig. Ó go mairirse slán a shíntear dutal" arsan bhean eile léi agus diompaigh(continues on next page)- Collector
- Nell Ní Shiochfhradha
- Gender
- Female
- Address
- Ceann Eich, Co. Kerry
- Informant
- Mícheal Aosta Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meall na hÓn, Co. Kerry