School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gála MórNíor chualamair trácht ar aon ghála riamh a bhí chómh h-olc leis an gceann a bhí ann tímpeall ceud blian ó shoin.Sa bhliain 1839 tímpeall ocht mbliadhna naochadh ó shoin bhí stoirm uabhásach ar fad tímpeall an cheanntair seo ar a dtugtar "oidhche an ghála mhóir".Thosnuigh sé ag séideadh ar an séamhadh lá de mí Eanair , agus lean sé ar feadh ocht n-uaire dachadh.Le linn na h-aimsire sin go léir bhí mórán sgriosa deunta. Bhí an ghaoth ag séideadh aniar aindheas, agus do shéid sí gach rud a bhí ar an tslí roimpi. Tar éis tamaill do thóinseáil an ghaoth, agus thosnuigh sí ag séideadh adthuaidh.Ní leigfeadh an eagla do aoinne dul taobh amuigh de dhoras a thíghe féin, mar ní raibh le feiscint 'san aer ach cioth slinnte, agus clocha, agus rudaí mar sin a shéid an ghála ó'n áit 'na rabhadar.Deireann na sean daoine tímpeall an cheanntair seo go raibh an múr caithte ceud slat isteach ó'n bhfairrge, agus go raibh an uisge séidthe suas chomh fada le Baile an tSéipéil.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry