School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa bhaile ach lá amháin chuaidh fear ó'n oileán seo go Neidín i naobhóig i ngnó áirithe agus is amhlaidh a bhuail sé le Diarmuid , agus tar éis bheith ag cainnt ar feadh tamaill d'innis Diarmuid a sgéal do'n bfear eile.
Bhí fhios ag an bhfear eile gur fear léigheanta do beadh Diarmuid agus dúbhairt sé le Diarmuid ná raibh aon duine chómh léigheanta leis féin annso, agus d'iarr sé air teacht leis.
Do chuaidh an beirt acu isteach san naobhóig agus d'imthigheadar Cuan Neidín amach agus suas fan na Fairrge Móire agus thángadar isteach go dtí Cuan Dairbhre agus thángadar i dtír ann.
Tar éis cúpla lá le congnamh an fhir eile chuaidh Diarmuid amach agus dhein sé bothán i gcuas i bpáirc a carad i gCurrach Beag agus an chéad lá tháinig mórán sgoláirí chuige ach níor dhein sé an lá san acht saghas socrú, agus b'iad seo tearmaí an tsocraithe.
Ar dtuis chaith gach duine a bhí láithreach sgilling a thabhairt dó gach mí nó congnamh éigin eile, agus thabharadh cuid de's na daoine bochta prátaí agus bainne dó in ionad airgid.
Annsan d'órduigh sé do gach duine slinn deas agus cloch beag nó má bféidir peann slinne d'fághailt chun scrí agus stóilín a bheith ag gach duine dó féin chun suidhe air sa scoil agus saghas lóin a bheith acu.
Foghluimuightí léightheóireacht béarla agus(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Coarha More, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha More, Co. Kerry