School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá cúpla tobar ins an oileán seo, acht an ceann is táchtaí díobh go léir is eadh ceann atá imeasg portaighthe Imleach ar an dtaobh thuaidh de’n oileán. Tobar Naomh Bréannáinn a tugtar air.Is suimeamhla an sgéal é; an sgéal mar gheall ar an slíghe go bhfuair se an ainm. Is amhlaidh gur tháinig Naomh Bréannáin ó’n Daingean i dtír ar an dtaobh thuaidh, agus ar theacht i dtír dó ní raibh sé ábalta ar dhul go barr na faille. Go háirithe thosnuigh sé ag dreapadóireacht suas; nuair a bhí sé leath slíghe ar a dhreapadóireacht sleamhnaigh sé agus chun é féin do cosg ó thuitim, do rug sé ar carraig agus do shaoraigh sé é féin. D’fan rian a mhéaranna ar an gcarraig, atá le feiscint fós.D’eirigh leis barr na faille do bhaint amach. Ar bheith ar thalamh tirim dó thug sé a bhuidhceas do Dhia. Thosnuig sé ag dul treasna Imleach, agus chonnaic sé triúr ag fághailt báis.Le na linn sin níor dhein sé rud acht paidreacha a rádh agus chomh luath ‘is a bhí siad ráidhte d’eirigh sruth glan uisge suas; bhaistigh sé an triúr de réir ar sean sgéalaidhe tá siad curtha in aice leis an dtobar.Deireann na sean daoine gur tobar ana mhaith é. Go háirithe téigheann na daoine(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Chúipéar
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Fáilghe
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Coarha Beg, Co. Kerry