School: Castleplunkett (roll number 15545)

Location:
Castleplunket, Co. Roscommon
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0245, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0245, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Castleplunkett
  2. XML Page 128
  3. XML “Céachta Gobáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Theastuigh ceachta (ceacht) go géar ó Ghobán Saot aon uair amháin. Bhí siúinéir in a chómhnuidhe sa gcomharsanacht agus bhí 'chuile súil aige an céachta d'fhágail le déanamh ó Ghobán. Ní raibh aon tóir ag Gobán an ceachta a thabhairt dó le déanamh mar nach raibh ann acht milleadh-maide críochnuighthe uiteméir, ciotach nár chuir chuir bail nó slacht ar aon bhall dár rinne' sé ariamh (dá ndearna sé ariamh). 'San am céadhna níor mhaith le Gobán é eiteach faoi'n gcéachta mar ba fear múinte, macánta, gnaoidheamhail a bhí ann, ar theastuigh pigheanacha airgid uaidh agus a raibh muirghean mhór cloinne air.
    Bhí Gobán bocht idir dhá chomhairle agus d'innis sé i dtaoibh an sgéil dá inghin.
    "Fág agam-sa an sgéal sin, agus feicfidh tú féin go socróchaidh mé é" arsan inghean
    "I nDómhnach bíodh agat" ar san Gobán.
    Sgathamh gearr in a dhiaidh bhí Gobán as baile agus cé thiocfadh thart acht an siúinéir agus bhuail isteach chuig an inghin. "Bail ó Dhia isteach annseo"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus S. Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Reachtaire
    Gender
    Male
    Address
    Knockalegan West, Co. Roscommon