School: Castleplunkett (roll number 15545)
- Location:
- Castleplunket, Co. Roscommon
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castleplunkett
- XML Page 155
- XML “Pislín is Strúilín”
- XML “Tomhas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gadaidhe eile. Do cheap an fear so gurbh é a chómharsa a bhuail é agus do bhuail seisean faoi agus d'eírigh an troid eatorra. Mar sin ní raibh na gaduidhthe go léir i sgórnach a chéile. Bhí Pislín agus Strúilín leath-mharbh leis an ngreann, nuair d'iompuigh an doras bun os cionn agus síos leis ar bhárr na ngaduidhthe. Cheapadar gurbh é an crann a bhí ag tuitim anuas ortha nó gurbh é an diabhal a bhí ag teacht le n a dtabhairt leis, agus as go bráth leo chomh tréan i nÉirinn 's a bhí ionnta agus d'fhágadar an mála óir in a ndiaidh (nó ndéigh).
Nuair d'airigh Pislín agus Strúilín an doras ag imtheacht uatha (uafa) rugadar ar na craobhacaibh agus tháinigeadar slán. Annsin tháinig siad anuas agus rugadar an t-ór abhaile leo. Bhí fuighleach 's maoile aca annsin ó'n lá sin go lá a mbáis. - "Ceann re(le) tóin agus tón re(le) talamh"Freagra.
Bean in a suidhe ar an talamh agus í ag bleaghan gabhair nó minnsighe bainne.- Informant
- Diarmuid Mac Luachra
- Gender
- Male