School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)
- Location:
- Castletownbere, Co. Cork
- Teacher: An tSr. M. Rosáraí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Coimhnuigheann sean fhear ar a dtugtar Seán Ó Suilleabháin i dTúr Mór. Tá feirm bhreágh talmhan aige.
I lár na feirme, tamall beag ón dtig tá páirc riascaig a ar a dtugtar Muing Dhubh agus tá paiste beag talmhan i lár na páirce a bhíonn tirm glas i gcómhnuidhe, cé go mbíonn an cuid eile de'n pháirc fliuch pludach.
Sa phaiste seo, deirtear gur cuireadh fathach fadó agus mar ba gnáth sa'n am san cuiread a chlaidheamh leis.
Bhí an fheirmeóir seo ag tógáil claidhe lá agus bhí sé ag lorg cloch. Nuair a tháinig sé go dtí an áit seo d'iompuigh sé leac agus fuair sé claidheamh cré-umha fé. Thóg sé leis é agus cuireadh go dtí an Múseum Náisiúnta é agus tá sé ann ó shoin i leith.
Claidheamh an-tabhachtach iseadh é seo mar deirear gur deineadh é i Ré na Cré-umhna sar ar táinig ár Slánuightheóir.- Collector
- Eibhlín Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Lyre, Co. Cork
- Informant
- Seán Ua Súilleabhán
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Tooreen More West, Co. Cork