School: Garrán, Drom Dhá Liag (roll number 11274)
- Location:
- Garranes South, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Drisceoil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garrán, Drom Dhá Liag
- XML Page 347
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seo sgeal eile ó Phádraig na Ciarach:-
Bhíos ar aonach Bheanntaighe lá agus do chonnac an bean uasal ag gabhail na sráide síos
Chuireas speic uirthi agus bheannuig sí dhom. Ní raibh a thuille eadrainn an lá san. Thánag abhaile agus dinnseas don bhuachaill conus a bhí liom. Bhí amras agam cár chómhnuig sí.
Cuireas srian is diallait ar an láir i gcóir na h-oidhche agus cuireamar sinn araon dínn.
Do gabhamair an tig amach gan mórán moille. Nuair a sroiseamair an macha léim an bhuachaill anuas de'n láir (bhí sé taobh tiar díomsa t'ás agat. agus do bhuail sé isteach.
Cad na thaobh ná tiocfadh an stróinséar eile isteach ar siad. "Ógánach é sin agus bheadh náire air" arsan buachaill.
Tháinig an cailín óg go dtí an doras agus dubhairt sí liom teacht isteach. "Cuirfead meall air" arsa an buachaill. Do rith sé amach is do strach sé bróg díom. Tháinig mé isteach annsan cosaidí Bocaidí ar eagla go saileochadh mé mo stocha.
Do shochruigheamair ar an gcleamnas agus(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chinnseamáin
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Cinnseamáin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Bauravilla, Co. Cork