School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Cork
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 159
- XML “Easair”
- XML “Cuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn na ba isthig ó thosach mí na Nodhlag go dtí lá Bealthaine. Sé an easair a bhíonn fútha ná:- Aiteann, seisc, raitheanach, gaithnim, geatairí, taoí agus a mbead feur raismeamhail do cuirfaí fútha é.
- Déantar ím gach seachtmhain sa tSamhradh agus gach coigthígeas sa Gheimhridh. Cuirtear an barra i mbairille agus castar tímcheall an bairille. Sé an cuma go naithneófá go mbeadh an coigean deanta nuair a cloisfí glór trom isthig sa bhairille. Cuirtear uisce istheach ann, sa tSamhradh, nuair a bhíonn an cuigean brisde agus castar é annsan go dtí go mbíonn sé cnóstaidhthe 'á dtiochfadh duine istheach an fhaidh a bhíonn an coigean ar siubhal agus mura gcuireadh sé a lámh ar an mbairille ní deanfaí an coigean go deó. Do tháinig fear istheach i dtig fadó shoin nuair a bhí an coigean á dheanamh agus ní dhiaidh sé i ngiorra an bhairrille agus níor deineadh an coigean riamh o shoin. Nuair a bhíonn an coigean deanta leagtar an bláthach de agus óltar cuid de agus cuirtear tuille de sa chíste.Bhailig: Cáit Ní Drisceoíl, Cumolán
Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceoíl