School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
  2. XML Page 004
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siamsa aca san oidhche.
    Seo an fáth go mbíonn siad comh anuas ar an ndreoilín mbocht. Fadó nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Naoimh Stiopháin tháinigh an dreoilín anuas ar an dtor in a bhí Naomh Stiopháin i bhfolach. Thosnuigh sé ag cantain agus do chuala na saighdiúirí é agus do thánaghadar go dtí an tor agus do fuaireadar Naomh Stiopháin agus do mharbhuigheadar é.
    Tá sgéal eile leis i dtaobh an dreoilín, agus seo mar deireann na sean-daoine :-
    Nuair a bhí an Leanbh Íosa ag teicheadh ó Hearóid, chuaidh sé féin agus a mháthair agus Naomh Seósamh tré ghort in a raibh na fir ag cur cruithneachtan. Ar feadh na h-oidhche d’fhás agus d’aibig an cruithneacht agus ar maidin lá ar na mbárach bhí na fir á baint. Tháinig na saighdiúirí agus
    chuireadar ceist ar na fir oibre ar tháinigh an tighearna an treo seo agus cathain? D’freagadar gur thánaghadar nuair a bhíodar ag cur an cruithneacht sin. Bhí an dreoilín ag éisteacht agus d’osgail sé a ghob agus dubhairt sé “Is indé do thánaghadar an treo seo”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Stephen (~402)
    Language
    Irish
    Collector
    Nora Ní Airthnéadaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Bean Uí Áirthnéadaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    60