School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (roll number 9588)
- Location:
- Knockeenbwee Lower, Co. Cork
- Teacher: Dd. Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag
- XML Page 335
- XML “Sean-Nósanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhfuaireas an t-eólas seo nár chuibhe sin, toisg gur "geatairí" an focal coitcheannta ar "rushes" ins gach aon bhall.Fásann adhbhar eile ins na móinfhéaraibh fluicha nó garbha ar a dtugtar "luachar". Féar garbh atá ann, agus baintear é i ndeire Lughnasa agus deintear é shábhailt do's na beithidhigh i gcóir an Gheimhridh. Is dócha gur ón bhféar seo a dtugtar an t-ainm "An Airc luachra" ar ainmhidhe beag a chidhtear go minic sa bhfear seo - saghas Lizard.
Timcheall an cheanntar seo tá rinnce ag muinntear na tuaithe ar a dtugtar "Cros a Chipín".Rinnce beirte is eadh é, ach is minic ceatharar á dhéanamh leis. Cuirtear cros ar an úrlár le sgiotachán nó píosa cailce, agus deineann an bheirt rinnche(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Michéal Ó Néill
- Gender
- Male
- Address
- Kealanine, Co. Cork